Skip to content
zeno
Create a Station
Explore
Religious
Music
News
Podcasts
Bible
By Genre
By Location
By Language
Download App
Opens in a new window
Toggle Sidebar
zeno
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Tús Áite
News
Irish
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.
Website
Episodes
Episodes
100
05 August 2026
Tús Áite: An Painéal Nuachta
Scéalta móra nuachta á phlé, ina measc: ionsaí Rúiseach i gCív, Comharthaí nua Gaeltachta, agus Costais Éadaí Scoile. Iad seo ar fad á phlé le Cecilia Ní Choileáin, Abhcóide, agus Peadar De Blúit, Tráchtaire.
17 min
05 August 2026
Tús Áite: Mír na Leabhar
Inniu ar a gclár phléamar na leabhair 'Níl Éisc le Trust' le Neil Sharpson agus Dan Santat; An tsraith leabhar eolais 'Inis Dom'; 'Misneach i mBeithil' le Gabrielle Ní Mheachair; agus 'Julian an Mhaighdean Mhara' le Jessica Love, lenár léirmheastóir Áine Ní Ghlinn.
9 min
05 August 2026
Tús Áite: Ganntanas dochtúirí
De réir figiúirí nuafhoilsithe, tá nach mór seisear míle duine tar éis teagmháil a dhéanamh le Feidhmeannach na Seirbhísí Sláinte go dtí seo i mbliana ag lorg cabhrach teacht ar dhochtúr ginearálta. Phléamar an scéal seo leis an Dr Niall Ó Cléirigh, Dochtúir Teaghlaigh lonnaithe i mBaile Átha Cliath.
5 min
05 August 2026
Tús Áite: Craobhchomórtais Lúthchleasaíochta na hEorpa
Beidh Craobhchomórtais Lúthchleasaíochta na hEorpa ar siúil laistigh de sheachtain sa Ríocht Aontaithe agus foireann na hÉireann ag glacadh páirt sna comórtais ann. Labahir ár dtuairisceoir Jack Basquille le Bláthnaid Ní Uigín, gleacaí ar fhoireann na hÉireann, agus John Shortt, Snámhaí ar fhoireann na hÉireann.
7 min
05 August 2026
Tús Áite: 5 Lúnasa 2026
Cecilia Ní Choileáin (Abhcóide); Peadar De Blúit (Tráchtaire); Dr Niall Ó Cléirigh (Dochtúir Teaghlaigh lonnaithe i mBaile Átha Cliath); Áine Ní Ghlinn; Jack Basquille.
43 min
04 August 2026
Tús Áite: Deacrachtaí Trump
Dúirt Aire Airgeadais Mheiriceá, Scott Bessent, inniu, go bhfuil seans ann go n-éireoidh le Meiriceá agus an Iaráin teacht ar chomhshocrú chun caolas Hormuz a ath-oscailt go luath. Phléamar an méid seo le Mícheál Ó hUanacháin, Tráchtaire agus iar-iriseoir.
7 min
04 August 2026
Tús Áite: 04 Lúnasa 2026
Joe Breathnach (iriseoir); Muiris Ó Cearbhaill (Comhfhreagraí Polaitíochta, The Irish Daily Mail); Mícheál Ó hUanacháin (Tráchtaire agus iar-iriseoir); Jack Basquille; Ian Lee (Iar-léiritheoir RTÉ).
44 min
04 August 2026
Tús Áite: An Painéal Nuachta
Na scéalta móra nuachta á phlé, ina measc: Bás Liam O'Neill, Coinspóid Ceuta na Spáinne, Cúrsaí Aeráide, agus Ainmneacha iar-Bhráithre Chríostaí foilsithe. Iad seo á phlé le Joe Breathnach, iriseoir, agus Muiris Ó Cearbhaill, Comhfhreagraí Polaitíochta, The Irish Daily Mail.
17 min
04 August 2026
Tús Áite: Mír Cartlainne
Tá céad bliain ann ó thosaigh RTÉ ag craoladh, agus in imeacht na mblianta sin tá cartlanna móra saibhre cnuasaith ag RTÉ. Tabharfaidh Ian Lee, Iar-Léiritheoir le RTÉ, ar thuras muid tríd cuid d’ábhar na gcartlanna sin, agus na seoid atá iontu a roinnt linn.
10 min
04 August 2026
Tús Áite: Dún Armlainne Pháirc an Fhionnuisce
Athosclaíodh an Dún Armlainne i bPáirc an Fhionnuisce Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo tar éis tionscadal mór caomhnaithe agus athchóirithe a dhéanamh ar an suíomh stairiúil. Labhair á dtuairisceoir, Jack Basquille, le Maud Fogarty-Holmes, treoirí i bPáirc an Fhionnuisce.
8 min